Ar an 15ú lá de Mhárta chuaigh 43 dalta as an Idirbhliain go dtí Gaeltacht Chonamara mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2015. D’fhág bus mór an scoil ag a hocht a chlog ar maidin agus bhí tuirseach an domhain ar gach duine! Thóg an turas bus dhá uair an chloig ó fágadh geataí Mhóta go dtí sroicheadh An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe.
Ar dtús, tugadh aghaidh ar Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua atá mar chuid de OÉ Gaillimh. Chuir siad fáilte ó chroí romhainn agus thug siad cupán tae agus bhrioscaí do na daltaí agus múinteoirí. Tugadh turas ar an ionad don ghrúpa agus d’fhoghlaim siad faoina cúrsaí éagsúla tríú leibhéal atá ar fáil ann go háirithe an B.A sa Chumarsáid.
Tar éis seo, tugadh aghaidh ar Raidió na Gaeltachta atá lonnaithe i gCasla. Tugadh turas don ghrúpa do na stiúideonna agus rinne an craoltóir agus an ceoltóir aitheanta Séan Ó hEalaí taifead ar bhuachaill amháin ó Phobalscoil Mhóta darbh ainm Colin Doyle ag seinm an bosca ceoil. Bhí sé iontach ar fad. Nuair a bhí an grúpa ag fágáil, tugadh t-léinte agus pinn Raidió na Gaeltachta do gach duine.
Tugadh cuairt ansin ar Choláiste Cholmcille ansin, iar-bhunscoil lonnaithe in Indreabhán, Contae na Gaillimhe. Bhí na daltaí san Idirbhliain sa scoil seo an-éirimiúil. Chuir siad dráma beag ar an staid den ghrúpa i Seanscoil Sailearna. Thosaigh siad ag seinm uirlisí ceoil, ag canadh agus ag déanamh damhsa gaelach agus damhsa ar an sean-nós freisin. Ba léir go raibh siad an-bhródúil as a gcultúr. Faoi dheireadh stopadh ag na siopaí ceardaíochta sa Spidéal. Thug Gearóid Ó Murchú píosa cainte faoi obair an Cheardlann agus an siopa an Spailpín Fánach.
Lá fada spraíúil ba ea é agus thaitin sé go mór le gach dalta a bhí ar an turas!
No comments:
Post a Comment